Copy
Daltaí na Gaeilge

<<Nickname>>


DreamLBI2017
Deireadh Seachtaine
Lán-Ghaeilge

6 - 8 Aibreán 2018


Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Mar is eol duit, bíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí. Agus bainimid an-áthas go deo as an seans a bheith lenár gcairde agus a bheith ag caint 'is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!

RangLBI2017


Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith. Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.


Mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.

RathLBI TomasAindriuMelissaSeanLBI


Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.

MichealLBI NaDealbhaFearMagaidhLBI


Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta. An dtiocfaidh tú isteach sa gcomhluadar seo?

Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.

MarcusLBI DinnearLBIMaireLBI

B'aoibhinn linn do chomhluadar!




Scolaireacht2018"
Scoláireachtaí Samhradh 2018

-Daltaí Summer Scholarships -

Bronnann Daltaí na Gaeilge trí scoláireacht gach Bealtaine. Bunaíodh na critéir ar:

    Obair a dhéanann duine ar son na teangan,

    Obair a dhéanann duine ar son Daltaí na Gaeilge, agus

    An iarracht a dhéanann duine chun na Gaeilge a fhoghlaim (Mac Léinn) nó a mhúineadh (Múinteoir).

I mbliana, beidh dhá dhuais ar fáil ($1,000 an ceann). Chomh maith le sin, gheobhaidh Múinteoir táille saor in aisce ó Oideas Gael.

Seo na Scoláireachtaí 2018:

Mac Léinn (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh mac léinn in ann freastail ar chúrsa Ghaeilge sa nGaeltacht.

Múinteoir (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh múinteoir in ann freastail ar chúrsa do mhúinteoirí sa nGaeltacht.
- Le tamall fada anuas bíonn deis ag an múinteoir seo freastail ar an gcúrsa á thairiscint ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Múineadh na Gaeilge". Faigheann an múinteoir lóistín, béilí agus táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.

Múinteoir nó Mac Léinn (Esopus, Nua-Eabhrac)

- Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tSeachtain Ghaeilge a bhíonn eagraithe ag Daltaí na Gaeilge gach Samhradh in Esopus, Nua-Eabhrac.


Beir bua,

Daltaí na Gaeilge



Copyright © 2018 Daltaí na Gaeilge, Inc. All rights reserved.

To unsubscribe from our email list, please send a reply email to this address: daltai1@daltai.com

You may also give us a NEW or ADDITIONAL email address by visiting: http://www.daltai.com/mailinglist/







This email was sent to <<Email Address>>
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
Daltai na Gaeilge · 1504 NW 3rd Avenue · Fort Lauderdale, FL 33311 · USA