Copy
Mura féidir leat an teachtaireacht seo a fheiceáil brúigh ANSEO.
Having trouble viewing this email? Click HERE.
scolaireacht2018.jpg
Daltaí na Gaeilge

An Geimhreadh 2019                        (ENGLISH TRANSLATION FOLLOWS)


<<Nickname>>


Deireadh Seachtaine Gaeilge

- Irish Language Weekend -

15 - 17 Feabhra 2019

Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 15 - 17 Feabhra 2019 in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 1 Feabhra lascaine $10.

esopusfeabhra2019"

Cuireann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Feicfidh muid in Esopus thú, le cuidiú Dé. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.



ceardlann2019a
Ceardlann na Múinteoirí

- Teachers' Workshop -

17 - 18 Feabhra 2019

Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge, agus beidh Ceardlann na Múinteoirí 2019 ar 17 - 18 Feabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá an-áthas orainn i mbliana go mbeidh Rachael Nic Pháidín ag teacht ar ais mar stiúrthóir, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright in Éirinn.

Bhain Rachael a Baitsiléir Ealaíon Idirnáisiúnta sa Cheol agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus Ollscoil British Columbia i 2008. Thosaigh sí ag obair mar mhúinteoir Ghaeilge i nGaillimh ansin agus d'fhan sí ann ar feadh 5 bliana. Tar éis bliain amháin a chaith sí i gCeanada mar chinnire grúpa, chuaigh sí ar ais go hÉireann agus lean sí ag múineadh na Gaeilge arís. I 2017 bhain Rachael a Máistreacht san Oideachas Speisialta amach ón Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath fad a bhí sí ag múineadh na Gaeilge ag an am céanna.

Is múinteoir pianó freisin í agus baineann Rachael taitneamh as seoltóireact, sciáil, snámh, rothaíocht, rith agus taisteal chomh maith.

Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc seo.





Scolaireachtai2019"
Scoláireachtaí Samhradh 2019

-Daltaí Summer Scholarships -

Bronnann Daltaí na Gaeilge trí scoláireacht gach Bealtaine. Bunaíodh na critéir ar:

  • Obair a dhéanann duine ar son na teangan,

    Obair a dhéanann duine ar son Daltaí na Gaeilge, agus

    An iarracht a dhéanann duine chun na Gaeilge a fhoghlaim (Mac Léinn) nó a mhúineadh (Múinteoir).

I mbliana, beidh dhá dhuais ar fáil ($1,000 an ceann). Chomh maith le sin, gheobhaidh Múinteoir táille saor in aisce ó Oideas Gael.

Seo na Scoláireachtaí 2019:

Mac Léinn (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh mac léinn in ann freastail ar chúrsa Ghaeilge sa nGaeltacht.

Múinteoir (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh múinteoir in ann freastail ar chúrsa do mhúinteoirí sa nGaeltacht.
- Le tamall fada anuas bíonn deis ag an múinteoir seo freastail ar an gcúrsa á thairiscint ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Múineadh na Gaeilge". Faigheann an múinteoir lóistín, béilí agus táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.

Múinteoir nó Mac Léinn (Esopus, Nua-Eabhrac)

- Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tSeachtain Ghaeilge a bhíonn eagraithe ag Daltaí na Gaeilge gach Samhradh in Esopus, Nua-Eabhrac.




Toghcháin Dhaltaí
Bealtaine 2019
- Daltaí na Gaeilge Elections -

Beidh toghcháin débhliantúil ag Daltaí na Gaeilge Volunteers faoi Bhealtaine 2019. Tá cúig phost ar fáil, agus maireann gach tréimhse oifige dhá bhliana.

Beidh na hIonadaithe seo ag obair taobh le taobh leis na saorálaithe uilig eile, agus an aidhm a bheas acu ná [1] cláir Dhaltaí a egarú, [2] an t-ualach oibre a laghdú, agus [3] feabhas a chur ar chúrsaí, má's féidir é. Thar éis an toghcháin déanfaidh na hIonadaithe cinneadh eathru fhéin ar an sórt oibre is fearr leo uilig, mar shampla:

toghchan2019
  • Cláreagrú
  • Oideachas
  • Tiomsú Airgid
  • Poiblíocht
  • Siopa Dhaltaí

Beidh tú i dteideal vótáil nó seas sa toghchán mar iarrthóir má d'fhreastail tú ar dhá chlár Dhaltaí na Gaeilge (ar an laghad) idir Eanáir 2018 agus Bealtaine 2019, nó má tá tú ar Fheidhmliosta na Saorálaithe.

Pléifidh muid oibriú an toghcháin i rith na Deireadh Seachtaine Tomoideachas in Esopus. Beidh na sonraí uilig ar fáil ansin, agus tuarascálacha post is Ceadanna Ainmneach san áireamh. Tá an t-eolas céanna le féiceáil anois díreach ar ár suíomh idirlíon trid an nasc seo. Sé an 1ú lá de Mhárta 2019 an spriocdháta ar Cheadanna Ainmneach.





LEAGAN BÉARLA


Irish Language Weekend

- Deireadh Seachtaine Gaeilge -

February 15 - 17, 2019

Daltaí na Gaeilge will hold our Irish Language Immersion Weekend, February 15th - 17th, 2019 in Esopus, New York. Online registration and payment are available. Attendees who register by February 1st will receive a $10 discount.

esopusfeabhra2019b"

The Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht provides support for this program. We hope to see you in Esopus. General Information, Directions and a Registration Form are available through this link.



ceardlann2019b
Teachers' Workshop

Ceardlann na Múinteoirí

February 17 - 18, 2019

Daltaí na Gaeilge organizes a workshop every February for the benefit of Irish language instructors, and our 2019 Teachers' Workshop will be held on February 17 - 18 in Esopus, New York. We are extremely pleased that Rachael Nic Pháidín will be returning this year to direct the program, thanks to generous support from the Fulbright Commission in Ireland.

Rachael received her International Bachelor of Arts degree in Music and in Irish Language from University College Dublin (UCD) and from the University of British Columbia in 2008. She then began working as an Irish language teacher in Galway and remained there for five years. After spending a year in Canada as a group leader she returned to Ireland and resumed teaching Irish. In 2017 Rachael earned her Masters Degree in Special Education from Dublin City University (DCU) while simultaneously working as an Irish language instructor.

In addition to all of that Rachel teaches piano, and she also enjoys sailing, skiing, swimming, bicycling, running and, of course, travel.

Online registration and payment are available for the Teachers' Workshop. General Information, Directions and a Registration Form are available through this link.




Scolaireachtai2019"
Daltaí Summer Scholarships

- Scoláireachtaí Samhradh 2019 -

Daltaí na Gaeilge awards three scholarships during the month of May each year. The selection criteria are based on:

  • The work a person does on behalf of the Irish language,

    The work a person does on behalf of Daltaí na Gaeilge, and

    The efforts a person makes to learn the Irish language (Student) or to teach the language (Teacher).

This year, there will be two awards available ($1,000 each). In addition to that, the winning Teacher will receive free tuition from Oideas Gael in Gleann Cholm Cille, County Donegal.

These are the 2019 Scholarships:

Student Scholarship (Ireland)

- $1,000 so that a student can attend an Irish language course in the Gaeltacht.

Teacher Scholarship (Ireland)

- $1,000 so that an instructor can attend a course for Irish language teachers in the Gaeltacht.
- For many years now the winner of this scholarship has also had the opportunity to attend the Teachers' Course "Múineadh na Gaeilge" at Oideas Gael in Gleann Cholm Cille, County Donegal. The teacher receives free tuition, meals and lodging for that course as well.

Teacher or Student (Esopus, NY)

- The recipient of this scholarship receives free tuition, meals and lodging at the Irish Language Immersion Week that is sponsored by Daltaí na Gaeilge every Summer in Esopus, NY.



Daltaí na Gaeilge Elections
May 2019
- Toghcháin Dhaltaí -

Biennial elections for Representatives to the Daltaí na Gaeilge Volunteers will be held in May of 2019. Five slots are open, and each term is for two years.

The newly-elected Representatives (Ionadaithe) will work hand-in-hand with all the current Volunteers in order to [1] organize Daltaí Immersion Programs, [2] lighten the overall workload, and [3] help make improvements, where possible. After the election, the Representatives will decide amongst themselves on their individual areas of concentration, such as:

toghchan2019
  • Programs
  • Education
  • Fundraising
  • Publicity
  • Siopa Dhaltaí

You will be eligible to run in the election and/or vote if you have attended at least 2 Daltaí Programs between January 2018 and May 2019, or if you are on the current list of Active Volunteers.

We will discuss the election process during the February Immersion Weekend, and written details will be available including volunteer opportunities and Nomination Petitions. That same information is also available right now on the Daltaí website through this link. The deadline for nominations is March 1st, 2019.


Le gach dea-ghuí i gcomhair na hathbhliana,

Daltaí na Gaeilge


Copyright © 2019 Daltaí na Gaeilge, Inc. All rights reserved.

To unsubscribe from our email list, please send a reply email to this address: daltai1@daltai.com

You may also give us a NEW or ADDITIONAL email address by visiting: http://www.daltai.com/mailinglist/







This email was sent to <<Email Address>>
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
Daltai na Gaeilge · 1504 NW 3rd Avenue · Fort Lauderdale, FL 33311 · USA