Copy
Mura féidir leat an teachtaireacht seo a fheiceáil brúigh ANSEO.
Daltaí na Gaeilge

DaltaiFailte2020

An t-Earrach 2020

<<Nickname>>

Deireadh Seachtaine
Lán-Ghaeilge

3 - 5 Aibreán 2020

Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Nach mbíonn an-spraoi go deo againn ar LBI i gcónaí? Agus baineann muid an-áthas ar fad as an seans a bheith lenár gcairde agus ag caint 'is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!

LBIRadharc


Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith (béilí éadroma iad sin i mbliana). is dream an-fháilteach iad ag an LBI Foundation, agus tá fonn mór orthu muide a fheiceáil arís.

Agus mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt 'is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.

Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.

An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo? Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.

Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.

Foundation2020

B'aoibhinn linn do chuideachta!





scolaireachtai2020a"

Scoláireachtaí Samhradh 2020

Bronnann Daltaí na Gaeilge trí scoláireacht gach Bealtaine. Bunaíodh na critéir ar:

  • Obair a dhéanann duine ar son na teangan,

    Obair a dhéanann duine ar son Daltaí na Gaeilge, agus

    An iarracht a dhéanann duine chun na Gaeilge a fhoghlaim (Mac Léinn) nó a mhúineadh (Múinteoir).

I mbliana, beidh dhá dhuais ar fáil ($1,000 an ceann). Chomh maith le sin, gheobhaidh Múinteoir táille saor in aisce ó Oideas Gael. Agus beidh scoláireacht coicíse ar fáil do Mhac Léinn dul go dtí an Rinn ar feadh don chúrsa coicíse a bheidh ag Coláiste na Rinne.

Seo na Scoláireachtaí 2020:

Mac Léinn (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh Mac léinn in ann freastail ar chúrsa Ghaeilge sa nGaeltacht.
- Ina theannta sin, beidh scoláireacht coicíse ar fáil do Mhac Léinn atá bainteach le Daltaí na Gaeilge dul go dtí an Rinn i samhradh 2020 ar feadh don chúrsa coicíse a bheidh ag Coláiste na Rinne. Clúdófar táillí an chúrsa don duine, chomh maith le lóistín, ranganna agus béilí.

Múinteoir (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh múinteoir in ann freastail ar chúrsa do mhúinteoirí sa nGaeltacht.
- Le tamall fada anuas bíonn deis ag an múinteoir seo freastail ar an gcúrsa á thairiscint ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Múineadh na Gaeilge". Faigheann an múinteoir lóistín, béilí agus táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.

Múinteoir nó Mac Léinn (Esopus, Nua-Eabhrac)

- Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tSeachtain Ghaeilge a bhíonn eagraithe ag Daltaí na Gaeilge gach Samhradh in Esopus, Nua-Eabhrac.


Beir bua,

Daltaí na Gaeilge



Copyright © 2020 Daltaí na Gaeilge, Inc. All rights reserved.

To unsubscribe from our email list, please send a reply email to this address: daltai1@daltai.com

You may also give us a NEW or ADDITIONAL email address by visiting: http://www.daltai.com/mailinglist/







This email was sent to <<Email Address>>
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
Daltai na Gaeilge · 1504 NW 3rd Avenue · Fort Lauderdale, FL 33311 · USA