An Fómhar 2021 (ENGLISH TRANSLATION FOLLOWS)
AN NUACHT IS DÉANAÍ !!!
 |
D'fhill muid ar Esopus, Nua-Eabhrac ag deireadh mhí Lúnasa le haghaidh Seachtain na Gaeilge 2021. B'shin é an chéad uair go raibh deis againn bualadh le chéile ó Fheabhra 2020. (Bliain go leith . . . . Dochreidte!) Tá lúcháir orainn insint don saol gur éirigh thar cionn leis an gclár. Bhí slua mór i láthair, agus 'chuile dhuine ar bís leis an nGaeilge a fhoghlaim 'is a labhairt. Chaith muid an seachtain iomlán i measc ar gcairde díl, agus chuaigh gach rud ar aghaidh go binn, buíochas mór le Dia!
Bhain muid an-taitneamh go deo as an seachtain; agus anois tá muid diongbháilte go mbeidh ár gcláracha tumoideachasa ag oibriú mar is gnách aríst. Ciallaíonn sé sin go rachaimid ar ais go dtí ár gnáthchlár iomlán i gcaitheamh 2022, le cúnamh Dé.
ACH ROIMHE SIN, tá rud tábhachtach eile le déanamh againn, ar ndóigh. Beidh Daltaí na Gaeilge ag filleadh ar Choill Phenn faoi Shamhain chun deireadh ceart a chur leis an mbliain. Seo a leanas buneolas faoi Dheireadh Seachtaine Jamison 2021.
|
Deireadh Seachtaine Gaeilge
- Irish Language Weekend -
5 - 7 Samhain 2021
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 5ú - 7ú de Shamhain 2021. Roinnt blianta anuas d'fhill muid ar Jamison, Coill Phenn, agus chuir sé gliondar ar ár gcroí bheith ann aríst. Rachaimid ar ais i mbliana, agus tá súil againn go mbeidh tú inár gcuideachta. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 22 Deireadh Fómhair (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $10.
LEAGAN BÉARLA
THE LATEST NEWS !
 |
We returned to Esopus, New York at the end of August for our annual Summer Immersion Week. That was the first opportunity that we all had to gather together since February of 2020. (A full year and a half . . . . Incredible!) And we are very happy to tell the world that the entire program was a brilliant success. Attendance was very good, and everyone was eager to learn and speak Irish. We spent the entire week amongst are dear friends, and everything ran very smoothly, buíochas mór le Dia!
We enjoyed the Week tremendously, and now are determined to see that our Irish language immersion programs return to normal operations. That means that we will resume our full calendar of programs during 2022, God willing.
BUT BEFORE THEN, there is one more very important thing that we need to do, of course. Daltaí na Gaeilge will be returning to Pennsylvania in November to put a proper finish to the year. Below you will find basic details about that Immersion Weekend in Jamison.
|
Irish Language Weekend
- Deireadh Seachtaine Gaeilge -
5 - 7 November 2021
Daltaí na Gaeilge will hold our 2021 Irish Language Immersion Weekend on November 5th - 7th. A few years ago we returned to Jamison, Pennsylvania, and it warmed our hearts to be back there again. We will be returning there this year, and hope to have the pleasure of your company. Overnight attendees who register by October 22nd (either by mail or online) will receive a $10 discount.
Le gach dea-ghuí,
Daltaí na Gaeilge
|