An Geimhreadh 2021 (ENGLISH TRANSLATION FOLLOWS)
<<Nickname>>
Plean na Bliana 2021
- Our Plans for 2021 -
Ar an drochuair, ní thionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge i bhFeabhra beo in Esopus mar is gnáth, de dheasca srianta COVID. Agus is mairg a rá go bhfuil an scéal mar a gcéanna i dtaobh ár nDeireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge ar LBI.
Ach tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceardlann na Múinteoirí á reáchtáil againn ar Zoom. (Gach eolas thíos.)
Faoi láthair, tá muid ag déanamh breithniú ar an Deireadh Seachtaine atá beartaithe I mí na Bealtaine ag Marist. Tá gach dóchas againn go mbeidh muid in ann dul ar aghaidh léi, ach fan go bhfeice muid. Thar éis sin, rachaimid ar ais go dtí ár gnáthchlár, le cúnamh Dé. 'Sin le rá - Satharn na nGael, Seachtain na Gaeilge agus Deireadh Seachtaine na Samhna.
Seo a leanas buneolas faoi Cheardlann na Múinteoirí 2021.
|
Ceardlann na Múinteoirí
- Teachers' Workshop -
Dé Sathairn,
13 Feabhra 2021
|
Socraíonn Daltaí na Gaeilge
ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge, agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceardlann na Múinteoirí 2021 á reáchtáil againn ar Zoom Dé Sathairn, an 13ú Feabhra. Bhí Bernard Ó Cathmhaoil mar stiúrthóir againn anuraidh, agus bhain 'chuile dhuine an sult go deo as a chur i láthair. Tá sceitimíní orainn go mbeidh Bernard linn aríst i mbliana, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright in Éirinn.
Bhain Bernard a Dhioplóma Iarchéime sa Bhunoideachas ó Choláiste Phádraig, Baile Átha Cliath i 2010. Tá sé ag múineadh riamh ó shin. Is duine ard-líofacht sa Ghaeilge agus ard-chumas i dteagasc trí mheán na Gaeilge é. Anois, tá sé ina cheathrú bliain ag teagasc i mbunscoil lán-Ghaeilge i gCo. Mhuineacháin. Tá an-suim aige sa timpeallacht agus is breá leis an comhshaol áitiúil nádúrtha a úsáid go minic ina chuid teagaisc.
Baineann Bernard taitneamh as a bheith ag éisteacht le is ag seinm ceoil traidisiúnta. Agus tá ról ceannaireachta aige i gclub óige a feidhmíonn trí mheán na Gaeilge chomh maith.
Cuireann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá líon na bhfreastalaithe teoranta ar 50 duine. Níl an costas ach $25.
Tá an Cheardlann seo oiriúnach do mhúinteoirí Gaeilge (agus do mhúinteoirí féideartha); agus beidh na seisiúin trí Ghaeilge amháin. Beidh dhá sheisiún ranga ar siúl ar aon lá amháin: an chéad rang ó 9:00 go 11:00 ar maidin agus an dara seisiún ó 1:00 - 3:00. Beidh an seomra Zoom ar oscailt ar 8:30 ar maidin i gcomhair comhrá neamhfhoirmiúil. Má tá ceist teicniúil agat, beidh Donncha Ó Coinn ar fáil roimh an Cheardlann le cuidiú a thabhairt duit. Beidh deis agat teagmháil a dhéanamh le Donncha thar éis clárú.
I mbliana amháin, caithfidh tú clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. De bhrí go mbeidh an Cheardlann go hiomlán ar líne, ní bheidh cuirí seolta tríd an bpost. Tá Faisnéis Ghinearálta agus Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc seo.
Our Plans for 2021
- Plean na Bliana 2021 -
Unfortunately, because of the covid pandemic, Daltaí na Gaeilge will not be able to present our customary Immersion Weekend in Esopus this February. And, sorry to say, but the story is the same for our Fluent Speakers' Weekend on Long Beach Island.
But we are very happy to announce that our annual Teachers' Workshop (Ceardlann na Múinteoirí) will go ahead via Zoom. (Full details are below.)
At the moment, we are also considering our Immersion Weekend which is planned for Marist this coming May. We are very hopeful that we will be able to proceed with that program, but we will have to wait and see how the situation develops. After that, we plan to return to our usual schedule of programs, God willing. That is to say - Satharn na nGael in Philadelphia, the Irish Immersion Week in Esopus and our November Immersion Weekend in Pennsylvania.
Immediately following are the details for the 2021 Teachers' Workshop.
|
Teachers' Workshop
- Ceardlann na Múinteoirí -
Saturday, 13 February 2021
|
Daltaí na Gaeilge organizes a workshop every February for the benefit of Irish language instructors; and we are happy to announce that we will present our 2021 Teachers' Workshop via Zoom on Saturday, the 13th of February. Bernard Ó Cathmhaoil served as director of the program last year, and everyone was very much impressed with his presentation. We are delighted that Bernard will be with us again this year, thanks to generous support from The Fulbright Commission in Ireland.
Bernard earned his Post-graduate Degree from St. Patrick's College, Dublin in 2010. He has been teaching ever since then. He possesses advanced fluency in the Irish language, and has an expertise in teaching through the medium of Irish. He is in his fourth year as an instructor at an all-Irish primary school in County Monaghan. Bernard has a keen interest in the environment, and he enjoys the opportunity to incorporate the local natural world in his teaching.
Bernard takes great pleasure in listening to, and playing, traditional music. And he serves in a leadership role in a youth group that operates through the medium of Irish as well.
The Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht provides support for this program. Participation in the Workshop is limited to 50 people. The cost is only $25.
TThis Workshop is suitable for Irish language teachers (and prospective teachers); and the sessions will be conducted entirely in Irish. There will be two class sessions, both of which will be conducted on the same day. The first session will run from 9:00 until 11:00 in the morning, and the second session will be conducted in the afternoon from 1:00 to 3:00. The Zoom 'room' will open at 8:30 a.m. for informal conversation before the start of the program. If you have any technical questions, Donncha Ó Coinn will be available to provide assistance before the day of the program. You will be able to contact Donncha for assistance once you have registered.
For this year only, all registrations and payments must be made through the internet. Because the Workshop will be conducted entirely online, no announcements or registration forms will be mailed out. General Information and a Registration Form are available through this link.
Le gach dea-ghuí i gcomhair na hathbhliana,
Daltaí na Gaeilge
|