An Samhradh 2021 (ENGLISH TRANSLATION FOLLOWS)
<<Nickname>>
|
Faoi Dheireadh
Thiar Thall !!!
- At Long Last !!! -
|
|
Tá ríméad an domhain orainn fógairt go mbeidh ár gcláracha tumoideachasa ag oibriú mar is gnách arís. Ciallaíonn sé sin go mbeidh muid in Esopus, Nua-Eabhrac ag deireadh an tsamhraidh le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Thar éis sin, beidh Daltaí na Gaeilge ag filleadh ar Jamison, Coill Phenn faoi Shamhain. Agus rachaimid ar ais go dtí ár gnáthchlár iomlán i gcaitheamh 2022, le cúnamh Dé.
Seo a leanas buneolas faoi Sheachtain na Gaeilge 2021, agus fógra tábhachtach eile chomh maith.
Seachtain na Gaeilge
- Irish Language Week -
29 Lúnasa go dtí
4 Meán Fómhair 2021
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge
ár Seachtain Gaeilge idir 29 Lúnasa agus 4 Meán Fómhair in Esopus, Nua–Eabhrac. Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách. Agus caithfidh muid a admháil gur fada nach bhfaca muid thú, agus ba bhreá linn do chomhluadar!
Tá súil againn go mbeidh tú in ann teacht. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Roimh clárú, iarraimid ort ár Ráiteas Ar Leith Faoi Covid-19 a léamh. Agus, tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.
|
D'athchóirigh Muid
Ár Suíomh Gréasáin
Bhí giota ama breise againn i rith na paindéime, creid nó ná creid, agus ghlac muid an seans chun snas a chur ar shuíomh gréasáin Dhaltaí na Gaeilge. Leis na feabhsúcháin seo, tá súil againn go mbeidh an suíomh nuashonraithe níos sothuigthe, níos stuama agus níos slachtmhaire. Ach breathnaigh féin go bhfeicfidh tú. Tá an leathanach baile anseo.
|
|
At Long Last !!!
Faoi Dheireadh
Thiar Thall !!!
|
|
We are absolutely delighted to announce that our Irish language immersion programs are returning to normal operations. So, that means that we will be in Esopus, New York at the end of the summer for our Irish language immersion week. After that, Daltaí na Gaeilge will be returning to Jamison, Pennsylvania in November. And we will resume our full calendar of programs during 2022, God willing.
Below you will find basic details about our 2021 Summer Immersion Week, as well as another important announcement.
Irish Language Week
- Seachtain na Gaeilgek -
August 29th to
September 4th, 2021
Daltaí na Gaeilge
will hold our week-long Irish Language Immersion Program from Sunday evening, August 29th through Saturday noon, September 4th, 2021 in Esopus, New York. Classes will be offered for all levels of ability, as usual. All are welcome! And we must admit that it has been such a long since we've all gotten together, and we'd truly welcome your company.
We hope that you'll be able to join us. Online registration and payment are available. Before you register, we request that you first read our Special Covid-19 Statement. And General Information, Directions and a Registration Form are available through this link.
|
We've Revamped
Our Website
Believe it or not, but we had a little spare time during the pandemic, so we took advantage of the opportunity to freshen up the Daltaí na Gaeilge website. With these improvements, we hope that our updated site will be more user-friendly, more stable and more pleasing to the eye. But go and see for yourself. You can get started with the homepage which is here..
|
Le gach dea-ghuí,
Daltaí na Gaeilge
|